Our News & Articles

Digi Tech do Theangacha

DigiTech do Theangacha

Tá uirlis fhéinmheastóireachta forbartha ag oideachasóirí (PPLI san áireamh) chun cuidiú le múinteoirí teangacha a gcleachtas digiteach sa rang a mheas agus a fhorbairt.

Ar dtús, tugtar abairtí, a bhaineann le dea-chleachtas in úsáid gléasanna digiteacha sa seomra ranga teangacha; tugtar míniú breise freisin ar théarmaí faoi leith chun breis cabhrach a thabhairt. Ansin bíonn deis ag múinteoir roghnú as cúig ráiteas chun an ceann is fearr a oireann dá c(h)leachtas féin a phiocadh. Cuirtear próifíl ar fáil bunaithe ar na freagraí agus moltar tacaíochtaí faoi leith, iad dírithe ar na riachtanais atá ag an múinteoir.

Tabhair Cuairt Anois Air